Cín Lae Chonallach Liam Mhic Mheanman, 27 Meán Fómhair 1935 – 3 Deireadh Fómhair 1936
3 Lúnasa 2020
Rugadh Liam Mac Meanman i Móinín na hEasrach, Gleann Fhinne, Co. Dhún na nGall, in 1913. Bhuaigh sé scoláireacht le freastal ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sé staidéar ar an Léann Cheilteach. Bhí Séamus Ó Duilearga mar léachtóir aige agus mhol sé dó in 1933 béaloideas a cheantair féin a chnuasach.